Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Slow Go Mall’ – raic idir Sinn Féin agus an DUP faoi chomharthaí

| , ,

Tá Sinn Féin agus an DUP ag cur i leith a chéile go bhfuil cnámh spairne pholaitiúil á déanamh acu den Ghaeilge.

Comharthaí sráide dátheangacha a cuireadh in airde i gceantar Dhroichead na Banna, Ard Mhacha agus Craigavon a spreag an t-easaontas is déanaí seo.

Comhairleoirí de chuid Shinn Féin a chroch na comharthaí seo ar a bhfuil  ‘Slow Go Mall’ greanta.

Comharthaí  sábháilteachta bóthair atá iontu, a deir an páirtí.

Dúirt Comhairleoir de chuid an DUP, Darryn Causby, nach gcuireann an Ghaeilge aon ‘fhearg’ air féin ach go bhfuil “rud an-deighilteach déanta di ag an gcaoi a bhfuil sí á húsáid mar earra polaitiúil”.

“Go bunúsach, féachaim ar na comharthaí seo mar chleas de chuid Shinn Féin, agus sin a bhfuil ann, cleas polaitíochta. Féachaim air mar iarracht ag Sinn Féin dúiche a mharcáil amach dóibh féin agus a rá, is linne an dúiche seo, dúiche Ghaelach atá anseo, is muidne atá inár gcónaí anseo agus mura n-aontaíonn tú linn..

“Is dóigh gurb é is aidhm leis na comharthaí seo na daoine nach nglacann leis gur cuid dá gcultúr í an teanga a dhéanamh míchompordach sa cheantar.

“Is mór an trua go ndéanfaidís iarracht ceist pholaitiúil dheighilteach níos measa fós a dhéanamh den Ghaeilge ar cuid luachmhar í de chultúr dhream amháin sa phobal.”

Dúirt Comhairleoir eile de chuid an DUP, Lavelle McIlwrath chomh maith gur ‘cleas’ a bhí sna comharthaí dátheangacha.

“Uair amháin eile feicimid Sinn Féin ag iarraidh cur leis an teannas i measc phobal an bhaile le cleas eile dá gcuid faoin nGaeilge. Is é fírinne an scéil dá mbeadh Sinn Féin dáiríre faoi shábháilteacht ar bhóithre sna ceantair sin, chuirfidís Liotuáinis, Portaingéilis agus na scórtha teanga eile ar na comharthaí, teangacha a thuigfeadh tromlach na ndaoine atá ina gcónaí sna ceantair sin.”

Dúirt urlabhraí de chuid Shinn Féin:

“Ceist sábháilteachta ar bhóithre í seo agus má tá fadhb ag an gComhairleoir Lavelle McIlwrath leis sin, ba chóir dó ciall a bheith aige.”

“Níl ach aon dream amháin ag déanamh cnámh spairne pholaitiúil den Ghaeilge agus sin iad an DUP agus iad ag diúltú scun scan cearta teanga a aithint agus comhaontuithe a rinneadh roimhe seo a chur i bhfeidhm.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta