Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seo chugainn ‘Róbat an Tuisil Ghinidigh’

| , ,

Is iomaí togra agus smaoineamh a eascraíonn as plé ar na meáin shóisialta agus an sampla is úire de sin i saol na Gaeilge, gineadh ar líne aréir é.

Beidh a fhios ag go leor de lucht léite NÓS gur cuntas rathúil Twitter é Motherfoclóir a fhoilsíonn podchraoltaí ar bhonn rialta agus a mbíonn daoine éagsúla ina n-aoichoimeádaithe air ó sheachtain go seachtain.

Oíche aréir d’fhógair an coimeádaí reatha, Stiabhaí Nics, gur bhreá léi dá gcruthófaí cuntas Twitter nach bpostálfaí gach samplaí den tuiseal ginideach.

Cé a d’fhreagair an glao chun gnímh seo ach an draoi teicneolaíochta as Ollscoil Saint Louis SAM, Kevin Scannell.

Tá aithne fhorleathan ar Chaoimhín i measc na nGael mar gheall ar an obair mhór atá déanta aige ar son na teanga i réimse an ríomhchlárúcháin agus na teicneolaíochta agus anois tá beart eile déanta aige: róbat a chuireann tweetanna amach ina bhfuil samplaí bailí den tuiseal ginideach.

Róbat an Tuisil Ghinidigh” is teideal don chuntas agus luaigh Caoimhín ar Twitter aréir gur chaith sé cúpla uair an chloig ar chruthú an róbait tar éis dó an tweet ó Motherfoclóir a léamh.

Tá an bota nua seo ar na baill is déanaí de “róbatarm” Uí Scanaill, a bhfuil chuala.me – a dhéanann rangú ar na scéalta is mó ar na meáin shóisialta – ar na cinn is iomráití.

Níor mhaith linn
breis oibre a thabhairt do Chaoimhín, ach an bhfuil aon róbó eile ann ba mhaith
libh a fheiceáil?!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta