Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Rogha na Seachtaine #1 | Podchraoladh | Una & Andrea’s United Ireland

|

32 Eipeasóid. 32 Contae. 32 Ceist.

Sin mana an phodchraolta seo a dhíríonn ar chúrsaí reatha agus siamsaíochta in Éirinn agus thar lear. Is iad Una Mullally agus Andrea Horan a chuireann an podchraoladh i láthair agus leagann siad beirt béim faoi leith ar imeachtaí cultúrtha, pearsantachtaí spéisiúla agus mórscéalta nuachta an lae. Is cur chuige éadrom atá in úsáid den chuid is mó ach sin ráite éiríonn an plé níos tromchúisí nuair atá ábhar dáiríre á phlé.

Ábhar éisteachta ar ardchaighdeán atá sa phodchraoladh seo agus faightear scoth na n-aíonna le labhairt faoi na hábhair a bhfuil saineolas acu ann. Bíonn ábhar machnaimh ag baint le gach eagrán – agus sin an fáth gurb é ár Rogha na Seachtaine seo.

In Eipeasóid 14 déantar plé géarchúiseach ar móreachtra a thit amach an tseachtain seo caite maidir leis an gCárta Seirbhísí Poiblí. San eipeasóid seo cuirtear an Coimisinéir Cosanta Sonraí, Helen Dixon, faoi agallamh agus déantar mionphlé ar na príomhcheisteanna a bhaineann le cúrsaí príobháideachais agus cosanta sonraí trí chéile. Tá teacht ar an bpodchraoladh ar na hardáin éisteachta ar fad: Podchraoltaí Apple, Spotify agus eile.

Éist leis an bpodchraoladh ar Soundcloud thíos agus tabhair cuairt ar an suíomh anseo.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta