Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Róbat nua an Tuisil Ghinidigh ag scaipeadh a chuid gaoise ginidí ar líne

Róbat a scaipeann samplaí d’úsáid an tuisil ghinidigh ar líne an áis is déanaí atá cruthaithe ag mórcheannródaí na Gaeilge ar líne, Kevin Scannell.

An tseachtain seo caite a cuireadh Róbat an Tuisil Ghinidigh ar fáil ag an gcuntas Twitter @AnGinideach agus tá roinnt céadta duine meallta ag a chuid gaoise ginidí cheana féin.

Chuir mórán Gael ar líne fáilte roimh fhógra Scannell go raibh ball nua ina “róbatarm” Gaeilge aige.

@AnGinideach Hahah is breá liom go bhfuil “róbatarm” agat anois @kscanne

Leanfaidh mé do #róbatarm áit ar bith! pic.twitter.com/rVuqNrXjyZ

— Aodhán Ó Deá (@aodhanodea) August 8, 2019

Is cosúil gur tvuít ón gcuntas Motherfoclóir a spreag Scannell chun an róbat nua a chruthú.

Cúpla uair an chloig curtha ar strae mar gheall ar an tweet damanta seo …. ‘sé @AnGinideach an toradh. Bainigí sult as! https://t.co/Mt8k7w6ZVi

— Caoimhín Ó Scanaill (@kscanne) August 8, 2019

Mhínigh Scannell dá lucht leanta gur go huathoibríoch a chuireann Róbat an Tuisil Ghinidigh samplaí d’úsáid an tuisil ársa ar fáil.


16 comhartha gur gúrú gramadaí Gaeilge tú…


“Úsáideann sé cur chuige staitisticiúil chun na ranna cainte a phiocadh amach; tá sé go hiomlán uathoibríoch,” arsa Kevin Scannell.

Ar na samplaí randamacha atá curtha amach go dtí seo ag an róbat, tá ‘dáta an olltoghcháin’, ‘purgadóir na sraithe’, ‘cairde ban’, ‘cúl an chófra’ agus ‘tuin chainte’.

An t-aon eolas eile atá tugtha faoi Róbat an Tuisil Ghinidigh ná go dtugann sé le fios ar a phróifíl Twitter gurb é ‘Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir’ le Tadhg Mac Dhonnagáin an t-amhrán is ansa leis!

Tá Kevin Scannell, saineolaí ríomhaireachta as Ollscoil Missouri,

chun sé mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht an bhliain seo chugainn ag obair ar thograí nua agus ag forbairt áiseanna Gaeilge.

Tá scoláireacht Fulbright faighte ag Scannell, a raibh baint aige le cuid de na forbairtí is mó ó thaobh na Gaeilge ar líne le tamall de bhlianta anuas, chun cónaí agus obair i gCarna i gConamara sa chéad leath de 2020. Beidh sé lonnaithe in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ansin idir Eanáir agus Iúil 2020.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta