Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Rianta na Míosa – Lúnasa

| , ,

Seo chugaibh Rianta na Míosa ónár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.


Tá stíleanna go leor – indie, punc, hip hop, snagcheol, dioscó, soul, house, leictreó, reigé, soca, ceol druma agus doird, hi-life ón Afraic agus cumbia – le sonrú ar liosta Lúnasa.

Ina measc sin ar fad tá ceol nua ó JJ Ó Dochartaigh faoi ainm a thogra nua, Losta Plot, ó Girl Band na hArdchathrach, Thom Yorke, Ada Lea, Kit Sebastian, Kink, B Boys, Black Midi, Nelson Of The East agus ó Huey Mnemonic.

Tabhair cluas chomh maith don athmheascán fíormhaith atá déanta ag an léiritheoir druma ‘s doird Fixate ar an mór-rian UKG ‘Ripgroove’ de chuid Double 99, agus don leagan bríomhar cumbia atá déanta ag Mo’Horizons de ‘Rhythm Is a Dancer’ le Snap! agus don leagan soca Rebles de mhór-shingil Sadé, ‘Sweetest Taboo’, a eisíodh siar sa bhliain 1986.

Tá tuilleadh ceoil nua hip hop ann leis ó Kool Keith (Ultramagnetic MCs/Dr Octagon), Sampa The Great agus Damu The Fudge Monk i dteannta MF Doom.

Agus, chun críochnú, tá seoda atheisithe de chuid Carla & The Carlettes, Ebo Taylor, Gwakasonné agus Debbie Jacobs ath-mheasctha ag Joe Claussell.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta