Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Pleanáil teanga na Briotáinise

| , , ,

Seaghan Mac an tSionnaigh

Bhí suirbhé áirithe faoin bpleanáil teanga ina ábhar comónta cainte agus seal á chaitheamh i gceantar na Gaeltachta Láir i dTír Chonaill agam an mhí seo caite. D’fheicinn fógraí ar thaobh an bhóthair a d’fhéach le rannpháirtíocht an phobail a mhealladh agus dealraíonn sé anois ó thuairisc a foilsíodh ar shuíomh idirlín RTÉ ar an 20 Lúnasa ná gur 730 duine a chuir a dtuairim ar fáil don chéim seo den phleanáil teanga sa réigiún. Cleas cliste sochtheangeolaíoch is ea a leithéid – is é an teip a bheidh i ndán d’aon phlean teanga nach dtugann le tuiscint do phobal na mionteangan gur leo agus gur ar mhaithe leo iad na bearta a dtabharfar fúthu amach anseo.

Tá sé suimiúil le tabhairt fé ndear go bhfuil cur chuige mar é á chleachtadh ag pleanálaithe teanga na Briotáinise i láthair na huaire chomh maith. Sa bhFrainc gan dabht a labhraítear an Bhriotáinis, teanga a bhfuil gaol gairid go leor aici leis an mBreatnais agus leis an gCoirnis. Teangacha Ceilteacha Briotaineacha iad na trí theanga sin – teangacha Ceilteacha Gaelacha iad an Ghaeilge, an Ghàidhlig agus an Mhanainnis.

Dála na dteangacha Ceilteacha eile, tá a dóthain den chos ar bolg agus den bhiogóideacht feicthe ag an mBriotáinis, agus an teanga ag meath léithi de dheasca na drochíde a tugadh di in imeacht na gcéadta.

Impireacht chumhachtach ab ea an Fhrainc sa naoú haois déag tráth inarbh í an Fhraincis an teanga ba mhó tionchar ar domhan, d’fhéadfaí a rá. Drochmheas ceart a bhíodh ag na himpiriúlaithe Francacha ar aon cheann de theangacha eile na tíre, agus iarrachtaí coinsiasacha éagsúla á ndéanamh acu ar iad a dhíbirt dá réir sin.

“Soyez propres, parlez francais” nó “bígí glan, labhraígí Fraincis” an fháilte a chuirtí roimh chainteoirí óga Briotáinise, Bascaise, Ocsatáinise srl a théadh ar scoileanna náisiúnta. “Il est defendu de parler breton et de cracher a terre” (= “níl cead Briotáinis a labhairt ná eile a chaitheamh ar an talamh”) ceann de na manaí ciníocha a dhírigh isteach ar an mBriotáinis go sonrach:

Is é an bád bán a bhí i ndán do shaoránaigh Fhrancacha ó éagsúlacht cúlraí teangan, agus ar theacht i dtír dóibh, is í an Fhraincis a bheadh mar lingua franca sa Nua-Fhrainc nó i gCeanada Francach mar a thugtar anois air. Seanscéal é seo a thuigeann muintir na hÉireann go dianmhaith.

Is é an Ofis Publik ar Brezhoneg (Oifig Phoiblí na Briotáinise) atá freagrach as cur chun cinn na Briotáinise sa lá atá inniubh ann, agus ba é stiúrthóir na heagraíochta úd a chuir tús le sraith cruinnithe poiblí a reáchtáladh ar fud na Briotáine d’fhonn tuairim an phobail ar cheist na teanga a fhiosrú. In Karhaez na Briotáine a tharla an chéad eagrán sa tsraith i mí Eanáir, agus an méid seo á rá ag stiúrthóir an Ofis Publik ar Brezhoneg Fulup Jakez:

“Beidh mé ag taisteal ar fud na Briotáine le linn don taighde seo a bheith á chur i gcrích agam. Is é an sprioc a bhaineann leis an taighde ná tuairim a fháil ar staid reatha na Briotáinise sula dtabharfar faoi thograí a bhaineann leis an bpleanáil teanga.”

Meastar go bhfuil beagán os cionn 200,000 cainteoir Briotáinise ann, figiúr arb ionann é agus 5% de dhaonra iomlán na Briotáine. Tá dúichí áirithe de chuid na Briotáine inar cainteoirí Briotáinise suas le 25% den daonra – Meán-Iarthar na Briotáine ina eiseamláir de cheantair “Ghaeltachta” láidre na Briotáine. Ar a shon sin agus uile, ní théann ach deich faoin gcéad de dhaltaí scoile ar scoil lán-Bhriotáinise sa dúthaigh áirithe sin, agus tá seachadadh na Briotáinise i gceantair mar seo faoi bhagairt dá réir sin. Cuirim i gcás gur seachtó bliain an aois mheánach i measc lucht labhartha na Briotáinise ar fad.

Ar an láimh eile de, tá áiteanna eile mar Vannes ann nach maireann de chainteoirí dúchais Briotáinise iontu ach 1% de dhaonra na háite, ach a thuairiscíonn fás as cuimse a bheith ag teacht ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna diwan. Is gearr anois go n-osclófar an dara hardscoil diwan d’fhonn freastal ar an éileamh in Vannes, baile nach bhfuil chomh mór le Port Láirge ó thaobh daonra, agus gan i bPort Láirge ach an t-aon Ghaelcholáiste amháin.

Ur yezh hepken n’eo ket a-walc’h mana spreagúil na scoileanna diwan – “ní leor aon teanga amháin go deo”. Guífeam gach rath orthu!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta