Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Léamh drámatúil ar ‘Leannáin’ le Brian Friel

| , , ,

Beidh aisteoirí Aisling Ghéar i mbun léamh drámatúil ar ‘Leannáin’ le Brian Friel mar chuid den fhéile Liú Lúnasa Dé Domhnaigh ag 7in i gCultúrlann MacAdam Ó Fiach, Béal Feirste.

Tá an dráma féin ina dhá leath, is iad sin ‘Buaiteoirí’ agus ‘Caillteoirí’. 

Leannan ‘Buaiteoirí’ scéal na leannán óg, Joe agus Mag, atá ag staideár don Ardteist ar scoil. Tá fadhb dháirire acu áfach: tá Mag torrach. San aimsir ina scríobhadh an dráma (1967) b’ábhar mór náire é a bheith ag súil le leanbh taobh amuigh den phósadh. 

Sa dara dráma, ‘Caillteoirí’, pléann Friel an greim daingean a bhí ag an Eaglais Chaitliceach ar shochaí na hÉireann arís eile, an uair seo trí lionsa an cholscartha. Is iad Andy agus Hannah na ‘caillteoirí’ sa chás seo agus sa deireadh tá siad sáinnithe i bpósadh gan grá ar bith eatarthu. 

Beidh JJ Ó Dochartaigh (Joe), Edel Ní Churraoin (Mag), Seán Mac Seáin (Andy), Bríd Ó Gallchoir (Hannah) agus Dónall Mac Giolla Chóill (Treoirí Stáitse) le féiceáil ar an ardán, agus is fiú go mór dul ann! 

Tá tuilleadh eolais faoi imeachtaí an deireadh seachtaine le fáil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta