Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ionad na Fuiseoige ar an fheirm

| , , ,

Le sé seachtaine anuas, tá scéim samhraidh den scoth ar siúl in Ionad na Fuiseoige i mBéal Feirste.

Mar chuid den scéim, chuaigh teaghlaigh ó gCill Uaidh chuig an Ark Open Farm i mBaile Nua na hArda agus bhí an t-ádh ar Meon Eile a bheith in éineacht leo. Bhí na páistí ar bís agus iad ag fáil réidh le dul isteach i mbliain úr ar Scoil na Fuiseoige agus bhí an deis acu sult a bhaint as turas thart ar an fheirm i gcomhluadar a chéile.

Rinne muid comhrá le triúr muinteoirí – Orlaigh Sloan, Sineád Ní Choinn agus Seánna Mc Cabe – chomh maith leis an tuismitheoir Catríona Nic Ardail. Labhair siad faoin tábhacht leis na páistí a bheith ag foghlaim faoi ainmhithe agus faoin mheas ba cheart a bheith againn ar an domhan thart orainn.

Agus an scéim samhraidh ag críochnú an tseachtain seo, tá súil againn go mbeidh an t-eolas a fuair na páistí ar an fheirm in úsáid acu agus iad ar ais ar scoil gan mhoill!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta