Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Iascairí Loch an Iúir

| , ,

Bunaíodh Cumann Iascaireachta Loch an Iúir sa bhliain 1942.

Tá cumann láidir ar an bhaile go fóill a ritheann comórtais go rialta le linn an tséasúir.

Is loch mhór thorthúil í Loch an Iúir atá 4km ar fhad. Tá neart bradán, breac donn agus breac geal le fáil inti, rud a mheallann na céadta iascaire chuig an loch gach bliain.

cearta iascaireachta na locha ag an chumann agus is féidir ceadúnas a fháil ó na baill, chomh maith le bád a fháil ar cíos.

Tá sé mar sprioc ag coiste an chumainn na héisc agus an timpeallacht a chaomhnú.

Níl cead agat aon bhreac a mharú agus caithfear iad a chur ar ais sa loch arís – deir an coiste go bhfuil sé riachtanach amhlaidh a dhéanamh chun an stoc éisc a chaomhnú.

Chomh maith leis sin cuireann siad béim ar na crainn agus an nádúr thart ar an loch.

D’éirigh leis an chumann deontas a fháil ar na mallaibh chun bád úr a cheannach atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí.

Thug muid cuairt ar iascairí Loch an Iúir agus iad ag ullmhú le haghaidh an chomórtais is mó atá acu sa bhliain.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta