Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fear Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar an Rúis do chraobh an domhain sa phluiméireacht

Beidh Jeaic Ó Domhnaill, as Tír an Fhia, Conamara, ag glacadh páirt i gcraobhchomórtas na gceard oilte ‘Worldskills’ in Kazan na Rúise an mhí seo.

Ainmníodh Ó Domhnaill mar ‘Seaimpín Pluiméireachta na hÉireann’ i mí an Mhárta seo caite, agus thug sé leis an chéad duais i rannóg na pluiméireachta i gcomórtas náisiúnta ‘Worldskills’.

Ní fada anois go mbeidh Ó Domhnaill ag dul san iomaíocht le plúr na bpluiméirí ó thíortha eile ar fud an domhain sa chraobh idirnáisiúnta, a reáchtálfar i gcathair Kazan, in iardheisceart na Rúise ón 22-27 Lúnasa.

Iomaitheoirí ó 63 tír a bheas ag glacadh páirt sa mhórchomórtas ceirde sin a thugann aitheantas do bhreis is 50 ceird ó réimse leathan tionscal, lena n-áirítear tionscal na gruagaireachta, na háilleachta, na báicéireachta, na hailtireachta, na tógála agus na dearthóireachta.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Domhnaill, go raibh sé “ag tnúth go mór” le páirt a ghlacadh i gcraobh dhomhanda na pluiméireachta cé gur aithin sé go raibh “dúshlán mór” roimhe.

“Ní raibh mé ag cuimhneamh ar a ghabháil chun na Rúise ar chor ar bith. Is cinnte go mbeidh dianchomórtas ann. Beidh muid ag obair go docht go dtí an milliméadar,” a dúirt Ó Domhnaill. 

Mairfidh an chraobh pluiméireachta ceithre lá, agus beidh ar na hiomaitheoirí pluiméireacht a dhéanamh ar theach, “díreach mar a bheadh le déanamh agat i gcás fíortheach”.

“Braitheann sé uilig ar thoisí, cruinneas agus luas na hoibre. Obair chrua a bheas ann agus is cinnte go mbeidh uaireanta fada i gceist,” a dúirt Ó Domhnaill.

Iardhalta de chuid Scoil Chuimsitheach Chiarán ar an gCeathrú Rua é Ó Domhnaill agus nuair a chríochnaigh sé ar scoil thosaigh sé printíseacht ceithre bliana le Terrance McDonagh, pluiméir as an Tulaigh.

Tá sé i mbun tréimhse traenála trí mhí faoi láthair in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus é ag ullmhú don chraobhchomórtas sa Rúis.

“Obair chrua atá i gceist i gCorcaigh, bíonn tú ann óna hocht go dtí a hocht chuile lá ach bíonn tú ag foghlaim go leor, ” a dúirt Jeaic Ó Domhnaill.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta