Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Corp faighte ag na póilíní atá ag cuardach Nóra Quoirin sa Mhalaeisia

Tá corp faighte ag póilíní sa Mhalaeisia atá ag cuardach Nóra Quoirin, an cailín óg as Éirinn atá ar iarraidh sa tír sin le breis is seachtain anuas.

Deir na póilíní gur thángthas ar an gcorp mná thart ar dhá chiliméadar ón áit a ndeachaigh Nóra Quoirin ar iarraidh ó ionad saoire 70 ciliméadar ó dheas de Kuala Lumpur. Tá cuardach ar bun le deich lá don déagóir.

Ar an 4 Lúnasa a tuairiscíodh go raibh Nóra Quoirin imithe ar iarraidh ón ionad saoire Dusun in Seremban.

Nuair a d’imigh a hiníon gan tásc ná tuairisc, rinne a máthair Meabh Quoirin achainí ó chroí ar dhaoine cabhrú leis an iarracht teacht ar an déagóir a bhfuil deacrachtaí foghlama aici.

“Cailín leochaileach í ón lá a rugadh í. Tá grá ár gcroí againn di agus táimid croí briste,” a dúirt sí.

Dúirt Negeri Sembilan ceannaire na bpóilíní sa cheantar Mohamad Mat Yusop go rabhthas i mbun sainaithint a dhéanamh ar an gcorpán.

Iarradh go léireofaí meas ar phríobháideachas mhuintir Quoirin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta