Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cití na gCártaí: Úrscéal nua seolta ag Réaltán Ní Leannáin

| , , ,

Seoladh an chéad úrscéal leis an údar Feirsteach Réaltán Ní Leannáin ar na mallaibh.

Seoladh an leabhar mar chuid de chlár imeachtaí Fhéile Liú Lúnasa, féile a mbíonn na céadta daoine ó gach cearn den tír ag freastal uirthi.

Díríonn an scéal ar eispéiris na mban le linn thréimhse an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus tá an scéal bunaithe go garbh ar shaol sheanmháthair Ní Leannáin féin.

Is i Málta a thosaíonn an scéal, agus insíonn Ní Leannáin saol na mná óige a ndearnadh cleamhnas di le hÉireannach óg as Béal Feirste, agus leantar na hathruithe suntasacha a tháinig ar a saol nuair a d’aistrigh sí go hÉirinn.

Is í Sinéad Ní Uallacháin (RnaG) a sheol an leabhar os comhair slua mór i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 23ú Lúnasa.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta