Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cearta trasinscne, cannabas agus eile á bplé ar ‘Turas Bóthair’ TG4

| , ,

Beidh an clár iomráiteach Turas Bóthair ag filleadh ar TG4 don tríú sraith an mhí seo chugainn mar chuid de sceideal an Fhómhair ar an stáisiún Gaeilge. Bhí an-tóir go deo ar shraitheanna a haon agus a dó den chlár cainte agus beidh sé eagrán úr nua á gcraoladh sna seachtainí amach romhainn. 

Ba i nDún na nGall, i gCiarraí, i nGaillimh, i Maigh Eo, in Aontroim agus i nDoire a taifeadadh cláracha na sraithe seo agus beidh gnéithe den “lúcháir agus brón”, den “ghrá agus briseadh croí”, den “chairdeas agus rómánsaíocht” agus den “éadóchas agus dóchas” á iniúchadh lena linn. 

“Cluinfimid scéalta pearsanta agus gheobhaimid amach cad é an dearcadh atá ag an mhuintir sna carranna ar réimse leathan ábhar: an grá, caidrimh, gnéas, teicneolaíocht, tinneas, cearta na mban, agus cuid mhór eile,” a gheallann lucht déanta an chláir. 

Sa gcéad chlár den tsraith nua, breathnófar ar cheisteanna atá go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire, cearta trasinscne agus tairbhe an ola cannabais ina measc. Pléifear roinnt teoiricí comhcheilge ann freisin. 

Ar na hábhar eile a bheidh faoi chaibidil i rith an chuid eile den tsraith beidh: cúrsaí teaghlaigh,an pósadh agus an colscaradh agus teaghlaigh aontuismitheora; an comhshaol; toitíní leictreonacha; an feachtas #MeToo agus an cearrbhachas ar líne. 

Ar na haíonna a bheidh ar an scáileán i mbliana beidh Órla agus Conall a bhíonn ag obair le chéile i mBéal Feirste, Allanah agus Cara as cathair Dhoire, Seán Breandán agus Seáinín i gContae Chiarraí, Muiris agus Gabriel as an gcontae céanna agus na ceoltóirí tíre Michael agus John i nDún na nGall. 

Craolfar an chéad chlar de Turas Bóthar ar TG4 Déardaoin an 5 Meán Fómhair ag 20.00. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta