Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Buaiteoirí chomórtas #léinín Tuairisc.ie fógartha

| , , ,

Bhí idir óg agus aosta i mbun ‘léiníní’ le breis is seachtain anuas do chomórtas Tuairisc.ie agus Love Leabhar Gaeilge agus tá na buaiteoirí fógartha inniu.

Is é Pól Mag Lionáin, bunaitheoir an Chlub Leabhar i mBaile Locha Riach, a bhuaigh an beart leabhar do dhaoine fásta leis an léinín seo.

Ghlacas mo #léinín inné ag stáisiún Móta Ghráinne Óige agus rinneas dearmad ar thicéad a fháil… ní raibh fear na traenach sásta liom. @tuairiscnuacht @siobhra pic.twitter.com/60TSValPmW

— C.L.E.A.S. (@cleasaithe) July 30, 2019

Bronnfar beart leabhar ar an léitheoir óg Nell Nic Gearailt as Corca Dhuibhne as ucht an léinín seo a chur chugainn.

Nell Nic Gearailt agus í ag léamh ‘Cathal sa Naíolann’ dá gcairde beaga ar an tolg @futafata #léinín pic.twitter.com/QLOZGuOGDF

— Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht) July 26, 2019

Is ionann léinín agus féinín nó ‘selfie’ a thógáil agus leabhar á léamh agat. Chum ár gcolúnaí Alex Hijmans an téarma ‘léinín’ le déanaí agus mhol sé do léitheoirí Tuairisc.ie ‘léinín’ a thógáil agus a roinnt ar na meáin shóisialta ar mhaithe le haird a tharraingt ar leabhair Ghaeilge.

Ghlac na Gaeil go fonnmhar le gairm chun gnímh an údair aitheanta agus spreagadh sinn chun comórtas a chur ar bun i gcomhar le Love Leabhar Gaeilge. Dhá bheart leabhar a bhí le buachan sa chomórtas seo, ceann do dhaoine fásta agus ceann do léitheoirí óga.

Seo chuid de scoth na léiníní a roinneadh ar na meáin shóisialta mar chuid den chomórtas.

@tuairiscnuacht Bíonn aoibh go dtí na cluasa orm ag léamh ‘Aois na hÓige’! #léinín #pleidhcíocht #AmuighLiomFéin pic.twitter.com/ZFcm4uxjqX

— Tomás Ó Maoldomhnaig (@moloney_thomas) July 31, 2019

Ultán, Siún agus Senan i mbun léiníní faoin spéir! #léinín pic.twitter.com/h4p5rDhkOU

— Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht) July 30, 2019

Theresa Benny I mbun #léinín pic.twitter.com/OLx8eAJ5Ef

— Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht) August 7, 2019

#léinín Súil eile ar súil @EGhallchobh pic.twitter.com/DfiiHxpz4G

— (⧖)نAonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha) August 5, 2019

Etaoin Ní Chonchubhair i measc na leabhar #léinín pic.twitter.com/D1tHb8yeVr

— Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht) July 30, 2019

Mise agus mo leabhar #léinín @tuairiscnuacht pic.twitter.com/jEjXaal0Gp

— Síobhra Aiken (@siobhra) July 24, 2019

#léinín Fuair mé post i nGaelscoil an tseachtain seo beidh ríméad orm na leabhair a bhua @tuairiscnuacht @LoveLeabharG pic.twitter.com/ptuwJDq09Y

— Eilís (@Mrs_Ewing1) July 26, 2019

Tadhg (6) ag léamh Gáirdín an tSonais #léinín pic.twitter.com/FEEZkXd3t2

— Fachtna Ó Drisceoil (@FachtnaOD) July 26, 2019

Gaeilge Thír Chonaill #léinín pic.twitter.com/bb4RkGzsGq

— Eoin P. Ó Murchú (@murchadhmor) July 24, 2019

‘Josie an madadh’ ag cur suim sa léitheoireacht #léinín pic.twitter.com/zzoTzX1zgk

— Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht) August 7, 2019

Mar fhocal scoir, is deas an nós atá bunaithe agaibh leis na léiníní. Leanaigí oraibh á roinnt!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta