Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An ‘Pop-Up Gaeltacht’ is mó ar domhan beartaithe an tseachtain seo

| , , ,

Tá iarracht ar bun ag IrishCentral, suíomh gréasáin na nGael i Meiriceá, an ‘Pop-Up Gaeltacht is mó ar domhan’ a reáchtáil oíche Déardaoin seo chugainn.  Tá trí lárionad fógartha faoin tráth seo – Nua-Eabhrac, San Diego (Californ
ia) agus Baile Átha Cliath. Beidh ócáidí ar siúl sna trí ionad sin ach tá cuireadh tugtha ag IrishCentral don phobal Gaelach ar fud na cruinne a gcuid ócáidí féin a eagrú an oíche chéanna.

Má tharlaíonn sin, bheadh súil acu go mbeadh na hócáidí ar fad mar chuid den ‘Pop-Up Gaeltacht is mó ar domhan’, a deir IrishCentral.

I dtábhairne ‘St Pat’s Bar and Grill’ i gcroílár Manhattan a bheidh ‘Pop-Up Gaeltacht’ mhuintir Nua-Eabhrac agus in La Jolla in San Diego a bheidh ócáid California ar siúl. Sa Dice Bar ar Shráid na Banríona i mBaile Átha Cliath 7 a bheidh Pop-Up na hardchathrach ar siúl.

Osgur Ó Ciardha agus Peadar Ó Caomhánaigh a bhunaigh an chéad ‘Pop-Up Gaeltacht’ i Bar Rua ar Shráid Clarendon i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2016. Bhíodar ag súil go mbeadh suas le dhá scór duine i láthair ach d’fhreastail suas le 250 duine ar an ócáid.

An aidhm a bhí acu deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt mar theanga bheo ag ócáid shóisialta.

Tá ócáidí den chineál céanna eagraithe ó shin in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta