Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Aisling Óg agus An Fear Seó

| , ,

I mbliana tá ábhar mór ceiliúrtha ag Aisling Óg agus é 10 mbliana ar an fhód. Is scoil samhraidh do pháistí idir 5 agus 10 mbliana d’aois é agus a mhaireann seachtain amháin i rith an tsamhraidh. I gcaitheamh na mblianta tá obair den scoth déanta aige ó thaobh na healaíne, na drámaíochta, an cheoil, an chultúir agus an damhsa de. 

Beidh An Fear Seó (The Greatest Showman) á léiriú ag na páistí i mbliana, agus tabharfar deis dóibh amhráin agus línte an scannáin a léiriú ar an ardán. Ach cé gur ar an cheol agus ar an drámaíocht is mó a bhíonn an bhéim, is é an dul chun cinn a dhéanann na páistí faoi dheireadh an chúrsa an rud is tábhachtaí ar fad ag Aisling Óg.

Thug Meon Eile cuairt ar cheann de na cleachtaí don seó agus bhí muid ábalta cuid den tsárobair atá ar siúl ann a fheiceáil. Bhí na páistí i mbun ceachtanna damhsa le Michéal Ó Coigligh, damhsóir gairmiúil a bhí ansin le lámh chuidithe a thabhairt do na páistí. Labhair muid leis na páistí agus iad ar bís agus ag súil go mór leis an seó ag deireadh na seachtaine. Chomh maith leis sin, labhair muid le Conor Torbóid agus le Sinéad Nic Colaim, beirt de na hoibrithe as Aisling Óg.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta