Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

90 milliún focal Gaeilge le cnuasach ar líne agus maoiniú á fhógairt d’Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge

| , ,

Fógrófar inniu deontas €920,000 chun forbairt a dhéanamh ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge as seo go ceann cúig bliana.

Tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann é Foclóir Stairiúil na Gaeilge atá bunaithe ar chorpas stairiúil na Gaeilge. 19 milliún focal Gaeilge a bhí sa chorpas nuair a cuireadh ar fáil ar líne é in 2019 agus táthar ag súil go mbeidh 90 milliún focal Gaeilge ann faoi 2024.

An tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Seán Kyne a fhógróidh an maoiniú don chéad chuid eile den tionscadal, Foclóir Stairiúil na Gaeilge (1600-2000).

Ar na téacsanna i gcorpas stairiúil na Gaeilge, tá leithéidí An Claidheamh Soluis, a d’fhoilsítí ó 1899 go 1931, An Lóchrann, a d’fhoilsítí ó 1907 go 1927, agus foilseacháin eile a bhaineann le haimsir Athbheochan na Gaeilge chomh maith le leabhair agus téacsanna eile atá i bhfad níos sine, leithéidí Aithdioghluim Dána I, a foilsíodh i 1640, agus As ait leam stáid-bhean sgiamhach, a foilsíodh i 1630.

Foclóir stairiúil Gaeilge – Gaeilge a bheidh i bhFoclóir Stairiúil na Gaeilge ina dtabharfar míniú stairiúil ar na focail agus cuntas ar na hathruithe a tháinig orthu i gcaitheamh an ama idir 1600 agus 2000.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta