Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Zappone le moladh go dtabharfaí ‘bronntanas na Gaeilge’ do gach páiste a scrúdú

| , , ,

Tá an tAire Leanaí chun plé a dhéanamh lena hoifigigh faoi mholadh go mbronnfaí ar gach gasúr sa chóras réamhscoile “bronntanas na Gaeilge”.

Thug an tAire Katherine Zappone an méid sin le fios i ndiaidh di cás na Gaeilge sa chóras réamhscolaíochta a phlé leis an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív gur “ceart bunúsach” é go mbeadh réamhscolaíocht trí Ghaeilge ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó a roghnaíonn naíonra lán-Ghaeilge dóibh, ach gur chóir smaoineamh chomh maith ar an uile thuismitheoir eile sa tír.

“Dá ndéarfaimis le tuismitheoirí go bhféadfaimis bronntanas an dara teanga a thabhairt saor in aisce dá leanaí, a shealbhóidh go nádúrtha an teanga sin, bheadh 85% nó 90% acu an-sásta leis sin.

“Ní bhíonn aon fhadhb ag gasúir óga leis seo. Éiríonn siad an-chumasach le teangacha nuair a bhíonn taithí acu ar an dá theanga. Cén fáth nach bhfuilimid ag smaoineamh ar an bpictiúr mór, nó ag smaoineamh lasmuigh de bhosca? D’fhéadfaimis an bronntanas is fearr uilig a thabhairt saor in aisce dár ngasúir, agus ní bheadh le déanamh ach nathanna beaga agus rannta a spreagadh,” arsa an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Mar fhreagra ar an méid sin dúirt an tAire Leanaí Katherine Zappone go raibh moladh ábhartha sa tuarascáil faoin réamhscolaíocht Ghaeltachta a d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge le déanaí.

Moladh sa tuarascáil sin go gcruthófaí tuilleadh post sa Roinn Oideachais chun an réamhscolaíocht trí Ghaeilge a fhorbairt laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt Zappone go bpléifeadh sí “moladh soiléir” Uí Chuív le lucht a roinne agus thug sí le fios gur aontaigh sí féin leis an moladh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta