Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tradfest Bhéal Feirste 2019

| , , ,

Beidh ‘Belfast Tradfest’ ag toiseacht an 27ú Iúil agus tá féile den scoth leagtha amach ag lucht a heagraithe.

An ‘Belfast School of Traditional Music’ a bhí ar an tseachtain roimhe seo ach rinneadh cinneadh an fhéile a athbhrándáil i mbliana agus na himeachtaí a leathnú amach rud beag.

I mbliana beidh ceolchoirmeacha, cainteanna agus ceardlanna ar siúl mar aon leis an scoil samhraidh féin.

I measc na ngrúpaí agus na gceoltóirí a bheidh ar ardán tá Lúnasa, Ulaid agus Ríoghnach Connolly agus beidh ceolchoirmeacha ann fosta in ómós do laochra an cheoil thráidisiúnta R.L O’Mealy (an phíb uillinne) agus Seán Maguire (fidil).

Beidh 28 seisiún ceoil ag tarlú mórthimpeall na cathrach sna tithe tábhairne clúiteacha mar shampla an John Hewitt, The American Bar, The Sunflower agus Tigh Mhadáin.

Beidh siad seo uilig saor in aisce agus beidh seisiún eile ag tarlú go rialta sa Bullitt Bar, áit a mbeidh Jack Warnock mar fhear an tí.

Beidh ceardlanna ‘masterclasses’ ann chomh maith le cuid de na ceoltóirí is clúití in Éirinn.

Chun tuilleadh eolais agus ticéidí a fháil, téigh chuig https://www.belfasttraditionalmusic.com

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta