Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Salómae’ ar ardán na Taibhdheirce

| , ,

Beidh an complacht Ériu ar ardán na Taibhdheirce an tseachtain seo chugainn lena leagan úrnua de shaothar clasaiceach Oscar Wilde Salomé, a bheidh á chur i láthair acu trí mheán an damhsa agus na Gaeilge. 

Is é an damhsóir aitheanta Breandán de Gallaí a rinneadh an chóiréagraíocht don taispeántas nua seo agus is é atá ina chomhstiúrthóir freisin air, i gcomhar le Joe O’Byrne. Is é de Gallaí a bheidh i ról Héaróid sa léiriú freisin. 

“Léiriú éachtach agus físiúil ina n-úsáidtear téamaí atá fós ábhartha sa lá atá inniu  ann chun brúidiúlacht an olcais a phlé agus an leochaileacht dhaonna chur i láthair,” a ghealltar agus “an glór, an corp, agus an ceol fite fuaite lena chéile” ann. 

Beidh an léiriú ar an ardán mar chuid de Fhéile Ealaíon na Gaillimhe a bheidh ar siúl níos deireanaí an mhí seo agus tá ticéid ar fáil ó shuíomh oifigiúil na féile, chomh maith le suíomh na Taibhdheirce féin. 

Ar na damhsóirí a bheidh ar an ardán beidh Sarah Fennell i ról Shalómae, Siobhán Manson i ról Héaróidias, John Fitzgerald i ról Íochánáin, Odhrán McLaughlin i ról an tSiriaigh Óig, agus Dane McKiernan i ról Ghiolla Héaróidias, i measc damhsóirí eile. 

Beidh an léiriú i nGaeilge ach beidh fortheidil Bhéarla ann. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta