Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oidhreacht Ghaelach Kermit the Frog

| , ,

Cúpla mí ó shin, scríobh ár gcolúnaí Dennis King faoin bhfuaim a bheadh ag frog Gaelach, agus chuir a alt ag smaoineamh mé faoin bhfrog is cáiliúla amuigh, frog a bhfuil oidhreacht Ghaelach aige — Kermit the Frog.

“Oidhreacht Ghaelach ag Kermit the Frog?” a deir tú. Ar as Frogmore, Contae Chiarraí a fáisceadh a mhuintir? An é Glas na hÉireann (Pantone 347 más cuma leat), dath a chraicinn agus a fhola? An de shliocht uasal froganna a d’fhógair fáin ar Ghallaibh é? Seans maith agus ainm breá Gaelach air.

Sea, is ainm Gaelach é ‘Kermit’, cé go gcaithfear roinnt oibre a dhéanamh le teacht ar a bhunús. Leagan truaillithe den sloinne ‘Mac Diarmada’ atá i gceist le Kermit, agus cé go bhfuil roinnt daoine dar sloinne sin in iarthar na hÉireann, is annamh a aimsítear sa tír seo anois é.

Tá leagan eile de i bhfad níos coitianta in Oileán Mhanann agus maítear gur ceangal Manannach a thug a ainm don fhrog cáiliúil. ‘Kermode’ an leagan sin, leagan Manainnise atá beagán níos giorra don leagan Gaeilge ‘Mac Diarmada’. 

Is minic a bhíodh séimhiú ar an bhfocal ‘mac’ agus ina dhiaidh i gcás sloinnte, cé nach é sin an leagan is coitianta anois, agus níl sé deacair an ceangal idir ‘’ac Dhiarmada’ na Gaeilge agus ‘Kermode’ na Manainnise a fheiceáil. 

Maith go leor, a deir tú, ach cén fáth ar thug Jim Henson Kermit/Kermode/Mac Diarmada ar fhrog The Muppets? Níltear iomlán cinnte.

Táthar ann a mhaíonn gur as cara scoile, Kermit Scott, de chuid Henson a ainmníodh an frog cáiliúil, ach shéan Henson féin é sin. Shéan an Comhlacht Jim Henson gur Scott a thug a ainm don fhrog arís, i ndiaidh bhás an phuipéadóra.

Bhí cúpla duine eile i measc lucht aitheantais Jim Henson darbh ainm Kermit — Kermit Cohen, a bhí ina oibrí fuaime ag stáisiún teilifíse a raibh Henson ag obair ann, agus Kermit Love, dearthóir seite de chuid ar The Muppets. Bhí Kermit the Frog ‘ar an saol’ sular casadh Love agus Hensen ar a chéile, áfach. 

Sular bhain Jim Henson agus a chuid puipéad cáil amach, is dóigh gurbh é Kermit Roosevelt an duine ba cháiliúla faoin ainm. Mac leis an uachtarán Theodore Roosevelt a bhí i Kermit, a bhain cáil dá chuid  féin amach mar fhear gnó agus mar scríbhneoir. Scríobh sé faoina thaithí mar shaighdiúir sa gCogadh Mór. 

Ainmníodh Kermit Roosevelt féin as a mháthair, Edith Kermit Carow roimh phósadh di. Kermit ab ainm dá deartháir nár mhair an bhliain féin agus a bhásaigh tamall de mhíonna sular rugadh Edith. Roghnaigh a tuismitheoirí a hainm in ómós uncail a hathar, Robert Kermit. Rugadh athair Robert Kermit in New York in 1754, ach ní taifead ann de dhuine ar bith dá shinsir roimhe sin. Cá bhfios cé as a dtáinig an chéad ‘Mhac Dhiarmada’ go Meiriceá?

Maidir leis an nGael mór, Kermit the Frog, d’fhill sé ar a dhúchas nuair a tháinig TG4 ar an bhfód. Agus é ag caint ar bhuaicphointí athbheochan na Gaeilge, dúirt an file aitheanta Louis de Paor gur céim mhór chun cinn a bhí ann nuair a “labhair Kermit the Frog ceartGhaolainn chruinn le Debbie Harry agus gur “thuig sí gach aon fhocal di”.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta