Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oibrithe Harland and Wolff i mbun agóide i nGaeilge ag Stormont inniu

| , ,

Ghlac oibrithe Harland and Wolff páirt in agóid dhátheangach ag Stormont inniu i dteannta An Dream Dearg.

Bhí fostaithe de chuid an longtógálaí iomráitigh in Oirthear Bhéal Feiste i mbun agóide in Stormont, tráth a raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ar cuairt ar an Tuaisceart.

Agus aird á tarraingt acu ar chás an longchlóis atá i mbaol a dhúnta, bhí oibrithe Harland and Wolff le cloisteáil i mbun cantaireachta i nGaeilge agus ‘sábháil ár gclós’ á rá acu.

Harland & Wolff workers are chanting ‘save our jobs’ in Irish – as they are joined by Irish language protesters @BBCNewsNI @bbcnewsline pic.twitter.com/J5QQqeGC58

— Darran Marshall (@DarranMarshall) July 31, 2019

Bhí agóid á reáchtáil ag An Dream Dearg ag an am céanna chun an t-éileamh ar acht Gaeilge ó thuaidh a chur ar a shúile don Phríomh-Aire Johnson.

Ag Cnoc an Anfa inniu thug pobal na #Gaeilge teachtaireacht shoiléir do @BorisJohnson – gheall Rialtas na Breataine #AchtAnois 13 bliain ó shin agus tá muid fós ag fanacht!@dreamdearg campaign for #ILA with very clear message for Boris Johnson this morning! Language Rights Now! pic.twitter.com/tnz6ymRH6t

— Conradh na Gaeilge (@CnaG) July 31, 2019

In 2006 gealladh #AchtGaeilge.

Tá muid go fóill ag fanacht!

In 2006 we were promised an Irish Language Act. We are STILL waiting.#AchtAnois

@MalMccann pic.twitter.com/5Zcjs9FNkw

— An Dream Dearg ️ ‍♀️ ‍♂️ (@dreamdearg) July 31, 2019

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta