Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Marú fir as Ros Muc admhaithe sa chúirt ag fear as Gaillimh

Phléadáil fear 67 bliain d’aois ciontach inniu as marú fear arbh as Ros Muc i gConamara dó dhá bhliain ó shin i gcathair na Gaillimhe.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu, phléadáil Noel Lenihan, as Bóthar an Chairdinéil Cushing sa Mhuirbheach sa Ghaillimh, neamhchiontach as dúnmharú Christopher McGrath, ach phléadáil sé ciontach ina dhúnorgain.

Tá glactha ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis an bpléadáil sin agus cuireadh an cás ar athló go dtí mí na Samhana, mar a ngearrfar pianbreith ar Noel Lenihan ar ceadaíodh bannaí dó inniu.

I gCúirt Dúiche na Gaillimhe i mí Bealtaine 2018, cúisíodh Lenihan as dúnmharú Christopher McGrath, a bhí 38 bliain d’aois, sa Mhuirbheach ar an 12 Márta 2017.

Bhí aithne mhór ar Christopher McGrath i measc lucht lúthchleasaíochta agus go leor duaiseanna buaite ag an leibhéal sóisir agus sinsir.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta