Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Féile úr ‘Ceol na Croise’ i gCrois Mhic Lionnáin

| , , ,

Rinneadh ceiliúradh le linn an deireadh seachtaine ar an stair shaibhir Ghaeilge agus amhránaíochta atá beo beathach go fóill i mórcheantar Ard Mhacha Theas, áit ar mhair seanchainteoirí dúchais Gaeilge chomh fada leis an chéad leath den 20ú haois.

Ba í seo an chéad bhliain den fhéile úr ‘Ceol na Croise’ agus cuireadh tús suimiúil léi le léacht ón Dr Gearóid Trimble, arb as Crois Mhic Lionnáin dó féin agus atá ina shaineolaí ar stair an cheantair.

Ina léacht thug Gearóid léargas leathan ar thraidisiún láidir an cheoil agus na hamhránaíochta Gaeilge chomh fada siar leis an 19ú haois, ag tabhairt eolas ar shaolta na ndaoine a bhí aitheanta mar chumadóirí dánta agus port mórthimpeall Oirialla agus níos faide i gcéin.

Cuireadh beocht ar na hamhráin seo le léirithe ó na hamhránaithe áitiúla – Bláithín Mhic Cána, Colleen Savage agus Pádráigín Uí Fhrainc – mar aon le scaifte amhránaithe óga.

Cuireadh ceachtanna amhránaíochta ar fáil ó Ríoghnach Connolly a bhí dírithe ar an aos óg chun iad a mhealladh i dtreo an cheoil, agus chomh maith leis sin bhí ceoilchoirm aici ag Úirchill chlúiteach an Chreagáin.

Agus le críoch dheas a chur leis an fhéile bhí turas bus treoraithe ag an staraí áitiúil Una Walsh a léirigh na suíomhanna stairiúla atá bainteach leis an Ghaeilge agus le tráidisiúin an cheoil sa dúiche.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta