Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Féile Inis Bó Finne 2019

| , ,

Tá Inis Bó Finne suite trí chiliméadar amuigh ó Mhachaire Rabhartaigh ar chósta Dhún na nGall. Ó bhí na 1970aidí ann, ní raibh duine ar bith ina gcónaí go buan ann i rith na bliana.

Ina ainneoin sin, tá Féile Inis Bó Finne á reáchtáil ann ag coiste deonach gach bliain le tamall de bhlianta anuas.

I mbliana chuaigh idir bhunadh an oileáin agus chuairteoirí isteach chun na féile le sult a bhaint as an aimsir ghalánta agus as an chlár lán d’imeachtaí.

Bhí comórtas sacair seachtar an taobh ann, rás 5km, rás na gcurrach agus lá spraoi do pháistí, agus baineadh súp mór as an aicsean uilig.

Chuaigh Meon Eile isteach go hInis Bó Finne chun blaiseadh a fháil d’Fhéile 2019…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta