Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Féile Charn Tóchair 2019

| , , ,

Bíonn céiliúradh beathúil ar siúl sa chéad chóicis de mhí Iúil gach bliain ag muintir Charn Tóchair i ndeisceart Dhoire.

Éagraítear clár lán d’imeachtaí taitneamheach ag ‘Féile Charn Tóchair’ a oireann don chlann ar fad, comórtas ‘Poc ar an Chnoc’, Aifreann Gaeilge, Rás sna Spéiríní, Rás Rothaíochta agus lá spraoi teaghlaigh ina measc.

Tá méadú nach beag tagtha ar líon na reathaithe iomaíocha a ghlacann páirt sa chomórtas reatha 5k thar shléibhte is gleannta an cheantair le cúpla bliain anuas.

I mbliana ghlac os cionn 180 duine páirt ann agus bronnadh duais ar Rí agus ar Bhanríon an Rása, Shane Donnelly agus Karen Wilton.

D’oibrigh muintir na háite ar bhonn deonach chun lá spraíúil a chur ar fáil do theaghlaigh áitiúla agus cuairteoirí.

Ón phreabchaisleán agus bairbeaciú go ceardlanna scileanna sorcais agus zú taistil, bhí rud éigin ann d’achan duine!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta