Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fear 29 bliain d’aois cúisithe as dúnmharú an dornálaí as Luimneach Kevin Sheehy

| , , ,

Tá fear atá 29 bliain d’aois cúisithe as an dornálaí óg as Luimneach Kevin Sheehy a dhúnmharú.

Tugadh Logan Jackson os comhair an Bhreithimh Marian O’Leary i gCúirt Dúiche Luimnigh maidin inniu agus é cúisithe as dúnmharú an fhir óig ar ar Bhóthar de hÍde ar an 1 Iúil.

Dúradh sa chúirt nár thug Logan Jackson aon fhreagra nuair a cúisíodh inné é i stáisiún na nGardaí i mBaile an Róistigh i gcathair Luimnigh. 

Ceadaíodh saorchúnamh dlí don chúisí agus coinníodh faoi choimeád é. Beidh sé os comhair na cúirte arís ar nasc físe Dé Máirt seo chugainn. 

Bhí daoine muinteartha Kevin Sheehy sa chúirt ar maidin agus tuairiscítear go raibh thart ar 30 Garda i láthair.

Tuairiscítear gur bhéic roinnt ban ar an gcúisí le linn na héisteachta nár mhair i bhfad. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta