Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Eachtra buille agus teitheadh inar maraíodh dornálaí aitheanta i Luimneach á fiosrú ag na Gardaí

| , , ,

Tá na Gardaí i mbun fiosrúcháin féachaint an d’aon turas a maraíodh Kevin Sheehy, dornálaí óg, in eachtra buille agus teitheadh ar Bhóthar de hÍde i gcathair Luimnigh go moch ar maidin.

Tá sé fógartha gurb é Kevin Sheehy, dornálaí óg a bhuaigh craobhacha uile-Éireann, a maraíodh i dtimpiste bhóthair i Luimneach ar maidin.

Maraíodh Sheehy (20) nuair a bhuail jíp faoi agus é ag siúl ar an gcosán ar Bhóthar de hÍde i gcathair Luimnigh timpeall 4.40 ar maidin inniu. Níor stop an jíp agus tá fiosrúchán ar bun faoin eachtra.

Ceapann na Gardaí gur Mitsubishi Shogun dubh a bhuail faoin bhfear óg.

Bhí gealladh faoi Sheehy mar dhornálaí trom-mheáchain agus bhuaigh sé craobh Faoi-22 na hÉireann den dara huair níos luaithe i mbliana. Bhuaigh sé scothchraobh na sinsear in 2017 agus bhíothas ag súil go mbainfeadh sé áit amach ag na Cluichí Oilimpeacha amach anseo.

Ní raibh Sheehy ach tagtha abhaile ón mBreatain mar ar bhuaigh sé comórtas mór le rá, an Hull Box Cup.

Tuairiscítear go raibh sé féin agus a pháirtí ag súil le páiste go luath.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas acu faoin timpiste teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i Roxboro ag 061 214 340.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta