Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Déan preabchaifé Gaelach de do stad bus áitiúil!

| , ,

Ní eispéireas an-ghalánta é a bheith ag fanacht ar an mbus ach is riachtanas é do go leor againn.

Chun an feitheamh sin a dhéanamh giota beag níos taitneamhaí, chinn an dearthóir George Barratt-Jones, atá lonnaithe san Ísiltír, ar nuamhaisiú a thabhairt do stad bus amháin.

Leag Barratt-Jones beár beag amach i lár an stad, chuir cúpla stól timpeall air agus thosaigh ag cur caife, tae agus smailceacha amach ar an mbord.

Agus leis an dlaíóg mhullaigh a chur ar an gcoincheap, chuir sé ceol ar siúl sa chúlra agus chuir sé fáilte mhór roimh thaistealaithe agus roimh aon duine eile a bhí ag siúl thar bráid.

“Is féidir le daoine stopadh ar feadh tamaill agus comhrá a dhéanamh. Is féidir leo aithne a chur ar dhaoine eile sa chomharsanacht,” arsa Barratt-Jones.

“Baineann an tionscadal seo le tuilleadh spraoi a chur isteach sa ghnáthshaol, le daoine a dhéanamh 10% níos sona.”

An rud a rithfeadh le neart Gael nuálach, ar ndóigh, ná gur bealach simplí snasta é le deiseanna labhartha Gaeilge a thabhairt a fhad leis an bpobal.

Níl de dhíth ort ach bord, cathaoir nó dhó, cúpla deoch agus fonn craice… cé agaibh mar sin a chuirfidh an chéad phreabchaifé sráide ar bun?!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta