Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

60,000 duine ag ceiliúradh an ghrá ag Bród BÁC

| , , ,

Seán Ó Baoill
03 July 2019

I mbliana rinne breis agus 60,000 duine ceiliúradh ar an ghrá agus ar an méid atá bainte amach ag an phobal LADT i dtaobh cearta de, ag Bród Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite.

Tháinig idir óg agus aosta le chéile chun páirt a ghlacadh sa pharáid. Bhí daoine ag damhsa agus ag ceol agus bhí bratacha bogha ceatha le feiceáil os cionn an Ardoifig an Phoist agus Teach Laighean den chéad uair riamh.

I mbliana ghlac CLG agus an Garda Síochána páirt sa mhórshiúl den chéad uair riamh fosta, agus bhí ionadaithe ón PSNI agus póilíní na Ríochta Aontaithe i gcuideachta an Gharda Síochána.

Bhí na mórpháirtithe polaitíochta uilig i láthair, mar aon le hionadaíocht leathan ón phobal i gcoitinne.

Ach léirigh cuid den phobal LADT a míshástacht ar an lá. Chruinnigh 150 duine ar Dhroichead Róise Haicéid le haghaidh ‘Alternative Pride’ agus iad den tuairim go bhfuil na comhlachtaí móra idirnáisiúnta i ndiaidh seilbh a ghlacadh ar an fhéile.

Ar leibhéal domhanda, cuireadh tús leis an mhórshiúl Bród, nó Pride, 50 bliain ó shin mar thoradh ar chíréibeanna Stonewall i Nua-Eabhrac in 1969.

Cuireadh tús leis an ghluaiseacht anseo in Éirinn nuair a maraíodh fear óg, Declan Flynn, i bPáirc Fhionnradhairc i mBaile Éatha Cliath in 1982 as siocair go raibh sé aerach. Ghlac 200 duine páirt i léirsiú an tráth sin.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le roinnt daoine a bhí ag ceiliúradh ar an lá, an Taoiseach Leo Varadkar ina measc…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta