Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Rianta na Míosa – Bealtaine

| , ,

Seo chugaibh Rianta na Míosa —  Bealtaine, ónar gcolúnaí ceoil, Ben Ó FAoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.  


Tá níos mó ceol ná mar a bhí riamh ar liosta  na míosa seo agus 30 rian roghnaithe ag Ben, idir indie, phunc, cheol tíre, dhioscó, house, shnagcheol, leictreó, agus ceol ón Afraic, ón mBrasaíl, agus ón tSeapáin.

Ar na hÉireannaigh atá ar liosta na Bealtaine tá Junior Brother ó Chontae Chiarraí agus Just Mustard as Contae Lú. Tá ceol nua ó Kedr Lvandky as an Rúis, Sacred Paws na hAlban,  Lee Scratch Perry  as Iamáice, agus The Mauskovic Dance Band  as an Ísiltír.  Tá rianta nua ann  freisin ó leithéidí Finn, A.A. Bondy, Mush, Abstract Orchestra,  Special Request, Cygnus agus Carl Finlow.

D’atheisigh cúpla grúpa seanseoda dá gcuid i gcaitheamh na míosa seo caite;  Doves, Luther  Davis Group, agus Galt McDermott ina measc,  agus tá na  seoda atheisithe sin ar liosta na míosa seo. Anuas air sin tá athmheascán déanta ag Lone, Roman Flugel, agus Nicola Cruz ar cheol dá gcuid.

Ná dearúdaigí NÓS a leanúint ar Spotify!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta