Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Revivalism and Modern Irish Literature’ seolta ag Fionntán de Brún

| , , ,

Seoladh ‘Revivalism and Modern Irish Literature: The anxiety of transmission and the dynamics of renewal,’ leabhar nua leis an Ollamh Fionntán de Brún, i gCultúrlann McAdam Ó Fiáich i mBéal Feirste le déanaí.

Rugadh agus tógadh Fionntán i mBéal Feirste agus bhí sé ina Léachtóir Sinsearach in Ollscoil Uladh agus i gColáiste Ollscoile Naomh Muire sa chathair sin sular ceapadh é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad in 2017.

Bronnadh ‘AHRC Leadership Fellowship’ air in 2016-17 as an tionscnamh ‘Rethinking Revivalism: a Conceptual Case-Study in Modern Irish Literature.’ Mar thoradh ar an tionscnamh sin d’fhoilsigh Cló Ollscoil Chorcaí monograf leis i riocht an leabhair seo.

Is saothar acadúil é ‘Revivalism and Modern Irish Literature’ a dhíríonn ar athbheochanachas mar chleachtas criticiúil a bhaineann le cultúr na hÉireann agus an ról a bhí aici i stair na smaointe mar réimse taighde. Pléitear athbheochanachas i litríocht na tíre ón 17ú hAois ar aghaidh sa leabhar.

Bhí an t-údar Alan Titley i láthair mar aoíchainteoir ag an seoladh oifigiúil agus chuir sé béim ar thábhacht an leabhair i gcomhthéacs liteartha na tíre agus ar athbheochan na Gaeilge i gcathair Bhéal Feirste.

 Tá ‘Revivalism and Modern Irish literature’ ar fáil ón Cheathrú Póilí ar £20.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta