Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Plé ar stáisiún raidió náisiúnta don aos óg

| , ,

D’fhóilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTeach Laighean tuarascáil ar na mallaibh maidir leis na dúshláin a bhaineann le craoltóireacht na Gaeilge. 

Ba iad príomhthorthaí an tuarascála go bhfuil géarchéim i gcraoltóireacht trí Ghaeilge agus mórfhadhb ann i dtaca le maoiniú. 

Mhol an Comhchoiste go mbunófaí stáisiún náisiúnta raidió don aos óg chun éisteoirí óga a mhealladh i dtreo na teanga.

Tá stáisiúin phobail ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge i dtrí chathair cheana féin – Ráidió na Life, Ráidió Fáilte agus Raidió na dTreabh – agus éiríonn go maith leo daoine óga a thabhairt isteach trí na doirse agus a chur i mbun clár.

Ar a bharr sin tá stáisiún idirlín ann, mar atá Raidió Rí-Rá, atá dírithe go hiomlán ar éisteoirí óga.

Labhair muid féin le Muiris Ó Fiannachta ó Raidió na Life agus le Ciarán Mag Uidhir ó Raidió Fáilte lena dtuairimí a fháil ar an choincheap…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta