Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Nóinín’ – Úrscéal nua do dhéagóirí seolta ag Myra Zepf

| , ,

Seoladh úrscéal nua le Myra Zepf, údar na leabhar pictiúr rathúil ‘Rita agus an …’, ag an Chultúrlann i mBéal Feirste le déanaí.

Tá ‘Nóinín’ scríofa sa tsíor-véarsaíocht, stíl atá i bhfaisean i measc scríbhneoirí le déanaí agus stíl a thaitníonn go mór le déagóirí, an t-aoisghrúpa ar a bhfuil an leabhar seo dírithe.

Pléann ‘Nóinín’ le hábhar nua-aimseartha chomh maith, an mhealltóireacht ar líne.

Tá an céad leath den leabhar scríofa i nguth Nóinín, cáilín cúig bliana déag d’aois a thiteann i ngrá le buachaill ar chas sí leis ar líne.

Téann Nóinín ar iarraidh, áfach, agus cluineann muid an chuid eile den scéal ó dhlúthchara s’aici, Eimear, atá ag streachailt léi chun an scrios agus an t-uafás a thuigbheáil agus Nóinín imithe ar strae.

Is scéal dorcha é seo a chuireann béim láidir ar an seanrabhadh a thugann tuismitheoirí dá bpáistí mórthimpeall an domhain anois ar bhonn laethúil: bí cúramach faoi cé lena bhfuil tú ag caint ar líne.

De réir Myra féin, ní thógann déagóirí aird cheart ar an rabhadh sin agus bhí sé mar sprioc aici an léitheoir a chur in áit an íospartaigh chun go dtigfeadh siad an t-ábhar ar dhóigh níos pearsanta.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta