Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Níl an Ghaeilge i measc na ndeich dteanga is mó do sheirbhísí ateangaireachta

| , ,

Níl an Ghaeilge i measc na ndeich dteanga is mó a lorgaítear seirbhísí ateangaireachta iontu sna cúirteanna.

De réir figiúirí nua, caitheadh €5.1 milliún ar sheirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna le cúig bliana anuas.

Níl aon bhriseadh síos ar fáil ó Sheirbhís na gCúirteanna ar an gcaiteachas de réir teanga, ach léiríonn na figiúirí gur beag éileamh a bhíonn ar sheirbhísí ateangaireachta i nGaeilge.

9,070 iarratas a rinneadh ar sheirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna anuraidh.

Bhain 7,740 de na hiarratais sin le héileamh ar sheirbhísí ateangaireachta sna deich dteanga is mó a mbíonn éileamh orthu.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí nua, bhain beagnach 60% de na hiarratais leis na trí theanga is mó éileamh– An Pholainnis, An Rómáinis agus an Liotuáinis.

Tá an Ghaeilge áirithe i measc na dteangacha ‘Eile’ ar lorgaíodh seirbhísí ateangaireachta iontu in 2018. 1,330 iarratas a deineadh ar ateangaireacht sna teangacha ‘Eile’ sin go léir.


LÍON NA nIARRATAS AR SHEIRBHÍSÍ ATEANGAIREACHTA


Teanga 2018 2017 2016 2015
Polainnis 2,587 2,155 2,420 2,141
Rómáinis 1,541 1,306 1,449 1,433
Liotuáinis 1,182 1,079 1,081 1,049
Rúisis 905 819 797 712
Laitvis 312 284 240 259
Mandairínis 205 149 243 251
Portaingéilis 430 357 232 166
Seicis 176 164 194 160
Fraincis 126 141 97 120
Araibis 276 167 183 118
Eile 1,330 1,176 1,079 1,081
Iomlán 9,070 7,217 8,015 7,490

An Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív a fuair na figiúirí nua ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Faoi Alt 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla tá sé ‘de cheart ag duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt’.

De réir na reachtaíochta céanna, tá dualgas ar gach cúirt a chinntiú gur féidir le haon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus ní mór a chinntiú chomh nach bhfágfar ‘faoi mhíbhuntáiste’ mar gheall ar an rogha a dhéanann s. D’fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste féadfadh an chúirt pé socrú is gá a dhéanamh chun seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil.

Níl ceart ar Bhreitheamh le Gaeilge ach amháin sa Ghaeltacht. 

Tá leasú molta ar Alt 8 den Acht Teanga sa reachtaíocht chun an t-acht a láidriú atá geallta le fada.

Faoin leasú sin thionólfaí ar  a  laghad  suí  amháin  de  chuid  na Cúirte  Dúiche  in  aghaidh  na  bliana  i nGaeilge  i ngach ceann de na ceantair a fhreastalaíonn ar limistéir Ghaeltachta.


Costas na seirbhísí ateangaireachta


2014 € 2015 € 2016 € 2017 € 2018 €
1,007,562.52 923,490.48 1,065,695.48 1,031,678.91 1,077,893.74

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta