Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Mórdhuais teicneolaíochta bainte ag Gaelscoil i gcontae an Dúin

Tá mórdhuais teicneolaíochta bronnta ar Bhunscoil Bheanna Boirche i gContae an Dúin as ‘barr feabhais’ a léiriú in úsáid na teicneolaíochta sa scoil.

Tháinig an bhunscoil Ghaeilge sa chéad áit i gcomórtas Gradam Feabhais ICT Scoileanna Thuaisceart Éireann na bliana seo, a bhí á reáchtáil don chúigiú bliain.

Dúirt na moltóirí go raibh siad an-tógtha leis an dóigh a raibh teicneolaíocht na faisnéise ina cuid lárnach de churaclam Bhunscoil Bheanna Boirche.

Mhol siad chomh maith an comhoibriú idir daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí agus an leas a bhain an scoil as an teicneolaíocht chun obair le scoileanna lán-Ghaeilge eile agus chun scileanna na ndaltaí a fheabhsú agus cur lena muinín agus a mórtas ina gcumas teanga.

Anuraidh tugadh ardmholadh do Bhunscoil Bheanna Boirche sa chomórtas céanna agus dúirt Sinéad Ní Thuamáin, múinteoir sa scoil, go raibh ‘an-áthas’ ar phobal uile na scoile gur éirigh leo an duais mhór a thabhairt leo i mbliana.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Sinéad Ní Thuamáin, go ndeachaigh cur chuige na scoile i leith na teicneolaíochta go mór i bhfeidhm ar mholtóirí an chomórtais.

“Tá an teicneolaíocht mar ghnáthrud sa scoil, ní hamháin sa rang, ach bíonn sí fite fuaite againn i saol na scoile ar fad agus is léir go ndeachaigh sin i  bhfeidhm ar na moltóirí,” a dúirt sí. 

Dúirt Ní Thuamáin go n-úsáidtear an teicneolaíocht “ar dhóigheanna difriúla” agus go mbíonn na daltaí an-tógtha leis an teicneolaíocht.

“Úsáideann muid an teicneolaíocht ar dhóigheanna difriúla chun an litearthacht, an mhatamaitic agus an chumarsáid a chur chun cinn. Chun scileanna labhartha na ndaltaí a fheabhsú, mar shampla, baineann muid úsáid as Zero, liathróid bheag a ghluaiseann thart ach treoracha a thabhairt di trí chódú a dhéanamh ar an iPad.

“Bhí deis ag daltaí s’agam féin téarmaíocht na dtreoracha, macasamhail ‘gabh soir ó thuaidh’ a chleachtadh agus a thabhairt leo,” a dúirt Ní Thuamáin. 

Thosaigh an scoil ag baint leas as G-Suite agus Google Classroom i mbliana chomh maith. Rang idirghníomhach ar líne atá i gceist le G-Suite ina ndéantar na ceachtanna ar fad go leictreonach.

Tugadh suntas chomh maith do na hiarrachtaí atá á ndéanamh sa scoil i dtaobh na timpeallachta.

In áit litreacha a chur amach sa phost, cuirtear téacsanna agus teachtaireachtaí ar shuíomh idirlín na scoile chun cumarsáid a éascú idir múinteoirí agus tuismitheoirí.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta