Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

I don’t think the Irish language was made to please upper middle class Englishmen’ –freagraí go leor ar ráiteas John Cleese faoin nGaeilge

| , ,

Bhain conspóid mhór ar líne le tvuít inar mhol an fear grinn John Cleese go gcuirfí córas foghraíochta an Bhéarla i bhfeidhm ar ainmneacha Gaeilge

Tá fearg lucht Twitter tarraingthe air féin ag an bhfear grinn agus aisteoir cáiliúil John Cleese mar gheall ar ráiteas a rinne sé faoin nGaeilge.

Tvuít inar mhol sé go gcuirfí córas foghraíochta an Bhéarla i bhfeidhm ar ainmneacha Gaeilge ba chúis leis an achrann.

I love your use of words !

But,seriously, if an Irish ‘bh’ is a ‘v’ sound, why don’t you write it with a ‘v’ ?

Of course, Bernard Shaw pointed out that in English, the word ‘Fish’ could be spelled G-H-O-T-I https://t.co/HcUkQRRd1V

— John Cleese (@JohnCleese) 23 Meitheamh 2019

Bhí na ceoltóirí agus fir ghrinn na Rubberbandits agus fear an Pop-Up Gaeltacht Osgur Ó Ciardha ina measc siúd a mheabhraigh an coilíneachas do Cleese.

Because the British tried to eradicate our language through colonization, so we prefer not to further anglicise it by our own volition

— Rubber Bandits (@Rubberbandits) 23 Meitheamh 2019

An bhfuil “Monty Python and the Monolingual Cultural Imperialists” feicthe agaibh? https://t.co/hhf3zLF4eG

— Osgur Ó Ciardha (@OsgurOCiardha) 23 Meitheamh 2019

Mhínigh go leor daoine do Cleese, atá sa Táin i saol an ghrinn mar gheall ar a shaothar le Monty Python agus a ról i leithéidí Fawlty Towers, go raibh fabht mór amháin ar a mholadh – ní ann don litir ‘v’ in aibítir na Gaeilge.

No ‘V’ in the Irish alphabet, John. pic.twitter.com/2BV3zKvjd9

— gav beattie (@gav_beattie) 23 Meitheamh 2019

Oh no @JohnCleese don’t be that guy. ‘v’ doesn’t exist in the Irish language. I don’t think the Irish language was made to please upper middle class Englishmen. I’m not Irish, but I’m Welsh & can’t help feel the pain of every country that dares not to be English in the UK.

— Beth Williams-Jones (@bouff89) 23 Meitheamh 2019

Why would you bother with 26 letters when all you need is 18? pic.twitter.com/VM9Gk3wt1J

— Daniel Collins (@DanielCollins85) 23 Meitheamh 2019

Bhí an t-aisteoir cáiliúil as Game Of Thrones Liam Cunningham ar dhuine eile acu siúd a rinne beag is fiú de dhearcadh an fhir ghrinn.

Why isn’t phonetic spelt phonetically?

— liam cunningham (@liamcunningham1) 23 Meitheamh 2019

Ba léir nach raibh aon fhonn ar Cleese leithscéal a dhéanamh faoina ráiteas.

They look like deliberate attempts to mislead innocent people https://t.co/m89bM8Pp8z

— John Cleese (@JohnCleese) 23 Meitheamh 2019

True, and I do realise that the Gaelocentric viewpoint is dominant in the rest of the world https://t.co/6BmopnhJFP

— John Cleese (@JohnCleese) 23 Meitheamh 2019

Ghlac daoine eile cur chuige teangeolaíochta chucu féin agus áiteamh Cleese á ionramháil acu.

…for this purpose. Thus the letters ḃ ċ ḋ ḟ ġ ṁ ṗ ṡ ṫ are equivalent to bh ch dh fh gh mh ph sh th. In

— DayvieO (@DayvieO) 23 Meitheamh 2019

Imagine not realising that other languages didn’t evolve in the germanic origin, Latin influenced, “English” way

— Kieran Burke (@kieranburke83) 23 Meitheamh 2019

Bhí corrdhuine sásta sochar an amhrais a thabhairt don fhear grinn, go pointe pé scéal é.

Ah feicin hell lads he’s just havin a bit of craic. At least I ope an fink e is.

— Liam Hutchinson (@liammacuistin) 24 Meitheamh 2019

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta