Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

GAILERAÍ: Róbónna a rinne daltaí Gaelscoile ar taispeáint ag ceardlann LEGO i nGaeilge in DCU

Tá róbónna a chruthaigh daltaí Gaelscoile ar taispeáint i mBaile Átha Cliath mar chuid den chéad cheardlann róbó LEGO as Gaeilge.

Is é an Róbó Seó, a seoladh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath inniu, an chéad ócáid STEM in Éirinn atá á heagrú go hiomlán i nGaeilge agus is í an ócáid seo, FIRST LEGO League Jr., an ceann is mó a bhí ann riamh in Éirinn nó sa Bhreatain Mhór.

Tá breis agus 320 dalta ó Ghaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara páirteach san ócáid agus na róbónna a chruthaigh siad ar taispeáint i DCU.

Is iad Gaelscoil Eiscir Riada, Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil na Camóige, Gaelscoil Uí Fhiaich, Scoil Uí Dhálaigh agus Scoil Uí Riada na scoileanna atá páirteach san ócáid agus tá na daltaí ag obair ar na tionscnaimh le naoi mí anuas.

Is amhlaidh a bhaineann na páistí agus na múinteoirí sna scoileanna úsáid as ábhair oideachais róbó LEGO chun scileanna ríomhchlárúcháin a fhorbairt.

Mar chuid den tionscnamh, bhí ar na daltaí a thaispeáint conas a thagann spásairí ar réiteach d’fhadhbanna a d’fhéadfadh a bheith acu ar an ngealach, conas uisce a aimsiú, conas bia a stóráil agus conas fuinneamh a chruthú, mar shampla.

Tá maoiniú faighte ag na sé Ghaelscoil teacht le chéile chun obair ar thionscnamh trí bliana le tacaíocht ón Ionad Oideachais i DCU, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) agus LearnIt. 

Kate Geraghty agus Sarah Moloney, Scoil Uí Dhálaigh
Alex Lennon, Scoil Uí Dhálaigh
Quin Ní Dhonnaighle, Liam Ó Cianáin agus Cormac Ó Flannagáin, Scoil Uí Dhálaigh
Eva Bennett, Saoirse Carraher, Niamh Lamon agus Aoibhinn Murray, Gaelscoil Naomh Pádraig
Sebastain Holbrook, Rian Ó Nualláin, Holly Telford agus Sarah Nic Aodha, Scoil Uí Dhálaigh
Alannah Farnan agus Órna Nallen, Scoil Uí Dhálaigh
Aoife White, Grace Fahy, Conor Kennedy agus Donnchadh Ó Mórdha, Scoil Uí Dhálaigh

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta