Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Éamon Ó Cuív agus an tAcht Gaeilge

| , , ,

Thapaigh Meon Eile an deis agallamh a chur ar an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus é ar cuairt i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Ba é Éamon Ó Cuív an tAire a bhí taobh thiar d’Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas. An phríomhaidhm atá leis an Acht ná deimhin a dhéanamh de go dtiocfaidh feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Bhunaigh Éamon Ó Cuív agus a chomhghleacaithe Oifig an Choimisinéara Teanga chomh maith sa bhliain 2004. Is iomaí foras, comhlacht, ceardchumann agus grúpa Gaeilge s raibh baint ag Ó Cuív leo thar na blianta.

Tá Acht Gaeilge ina cheist lárnach i gcomhchainteanna na bpáirtithe ó thuaidh faoi láthair agus é mar dhlúthcuid den dioscúrsa polaitiúil le tamall de bhlianta anuas. A bhuíochas le grúpaí ar nós An Dream Dearg, tá na mílte i ndiaidh dul i mbun léirsithe ar shráideanna na hÉireann agus is cinnte go leanfar leis an bhrú sin go dtí go mbeidh an t-éileamh ar son Acht Gaeilge comhlíonta.

Labhair Meon Eile le hÉamon Ó Cuív faoi cheist na Gaeilge ó thuaidh, faoina thaithí féin maidir leis an teanga agus faoina chuid tuairimí ar an staid ina bhfuil an tuaisceart faoi láthair…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta