Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cultúrlann nua Gaeilge £2 mhilliún nach mór tógtha in Ard Mhacha

| , ,

Ní fada anois go mbeidh cultúrlann nua €2 milliún ag Gaeil Ard Mhacha agus an obair nach mór críochnaithe ar fhorbairt Aonach Mhacha.

Léiríonn na pictiúrí is déanaí den lárionad siamsaíochta, cultúir agus ealaíne an dul chun cinn mór atá déanta ar an togra ó cuireadh tús le tógáil an ionaid i Meán Fómhair na bliana seo caite.

Tá na fuinneoga in áit agus an obair ar lean ag suíomh ár gcultúrlainne úire in Ard Mhacha. pic.twitter.com/zferISrCpm

— Aonach Mhacha (@AMhacha) 20 Meitheamh 2019

Beidh siopa agus caifé san ionad nua, chomh maith le spás le haghaidh coirmeacha ceoil, drámaí, imeachtaí sóisialta, aclaíochta, teaghlaigh agus óige.

I measc na n-áiseanna eile atá á lua leis an fhoirgneamh, tá oifigí d’eagraíochtaí Gaeilge, seomraí ranga, gailearaí, stiúideo ilmheán agus spás ceardlainne.

‘Aonach Mhacha’ a bheas á thabhairt ar an Ghaelionad nua, atá á thógáil ar an suíomh mar a mbíodh an seanstáisiún dóiteáin tráth.

Dúirt Seán Ó Maoilsté, stiúrthóir Aonach Mhacha, le Tuairisc.ie cheana go mbeadh Aonach Mhacha “mar fhógra agus mar ráiteas muiníne” i dtaca leis an bhorradh atá tagtha faoin Ghaeilge sa chathair.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta