Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Beirt fhear maraithe i dtimpiste eitleáin i gCill Dara

| , , ,

Maraíodh beirt fhear i dtimpiste eitleáin i gCill Dara aréir.

Chuaigh an t-eitleán beag ar iarraidh cúpla nóiméad i ndiaidh dó imeacht d’aerstráice lasmuigh de Bhaile Átha Í ag thart ar 7.20pm inné.

Tháinig lucht héileacaptair de chuid an gharda chósta ar an eitleán i bpáirc i mBiothlann thart ar 4.30am.

Fógraíodh ar an láthair go raibh an bheirt fhear marbh agus tugadh a gcoirp go dtí Ospidéal Ginearálta an Náis.

Tuairiscítear nach raibh aon smionagar ag láthair na timpiste agus ní fios go fóill cén chúis a bhí léi.

Ba as Baile Átha Cliath do dhuine de na fir a maraíodh agus ba as Cill Dara don fhear eile. Bhí duine acu sna seachtóidí agus bhí an fear eile sna caogaidí.

Tá oifigigh ón Aonad um Imscrúdú Aerthionóiscí sa Roinn Iompair ar an láthair, mar a bhfuil siad ag cabhrú le gardaí na háite, agus cuireadh Údarás Eitlíochta na hÉireann ar an eolas faoin scéal.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta