Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An bhliain is mó ag Féile na Gealaí go dtí seo

| , , ,

Chruinnigh na céadta duine ó gach cearn den tír le chéile i Ráth Chairn Glas na Mí ag an deireadh seachtaine le haghaidh Fhéile na Gealaí 2019.

Ó thús beag in 2016, tá an fhéile cheoil agus champála do na Gaeil ag dul ó neart go neart.

Bhí scoth an cheoil le cluinstin agus neart imeachtaí ar siúl do gach aoisghrúpa mar chuid den deireadh seachtaine, ranganna ióga, lá teaghlaigh, An Cabaret Queerailte agus an t-imeacht filíochta REIC ina measc.

Mar chuid den fhéile bhí ceol ó leitheidí Niteworks, Róisín Seoighe, Daithí, Clann Mhic Ruairí, Emma Ní Fhíoruisce, Méabh Ní Bheaglaoich agus Kneecap.

Molann muid lucht eagraithe na féile as deireadh seachtaine iontach a reáchtáil, ní raibh locht ar bith air agus tá muid ag súil leis an bhliain seo chugainn cheana féin!

Seo chugaibh blaiseadh beag den chraic agus den cheol ó Fhéile na Gealaí 2019…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta