Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tuairimí na dTráchtairí: Cogadh na Síntí Fada

| , , ,

Tá Meon Eile ar ais an tseachtain seo leis an tsraith ‘Tuairimí na dTráchtairí’ ina labhraíonn muid le tráchtairí aitheanta mar gheall ar ábhair thráthúla.

An tseachtain seo, is é ‘Cogadh na Síntí Fada’ atá á phlé ag Dónall Mac Ruairí agus Siún Ní Dhuinn.

Rinne Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí cinneadh le déanaí a deir nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú go mícheart tríd an síneadh fada a fhágáil ar lár.

Tugadh an rialú tar éis fiosrúchán a d’eascair as gearán a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh leis an Choimisinéir faoina ainm a bheith á litriú go mícheart ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Banc na hÉireann.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Banc na hÉireann gur cúrsaí teicneolaíochta is cúis le hainmneacha a bheith á litriú acu gan síntí fada.

Ach tá sé ráite ag Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nach “ceart absalóideach” é go mbeidh d’aimn litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.

An é nach bhfuil an cheist seo ach ina tús?

Labhair Meon Eile le Dónall Mac Ruairí agus Siún Ní Dhuinn lena dtuairimí a fháil ar an ábhar…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta