Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tuairimí na dTráchtairí : An Bhéaltriail

| , , ,

Cuirfidh Meon Eile tús inniu le sraith úr ‘Tuairimí na dTráchtairí’ ina labhraíonn muid le tráchtairí aitheanta mar gheall ar ábhair thoipiciúla.

An tseachtain seo, is í an bhéaltriail atá á plé ag Michelle Nic Grianna agus ag Áine Ní Bhreisleáin a oibríonn beirt le Raidió na Gaeltachta.

Dúirt an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar na mallaibh go bhfuil athbhreithniú iomlán de dhíth ar an bhéaltriail Ghaeilge don Ardteistiméireacht ó dheas.

Dúirt COGG nach bhfuil measúnú cruinn á dhéanamh ag an scrúdú cainte faoi láthair ar chumas labhartha na ndaltaí.

Foilsíodh torthaí taighde a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta sa bhliain 2017 le déanaí agus léiríodh ann nár tháinig aon fheabhas ar chumas Gaeilge daltaí Ardteiste ardleibhéil, cé go dtugtar 40% de mharcanna an scrúdaithe don bhéaltriail ó bhí 2012 ann.

Dúirt COGG gur léir go bhfuil struchtúr an scrúdaithe cainte lochtach agus nach bhfuil béim curtha ar an ghnáthchomhrá sna scoileanna. 

Labhair Meon Eile le Michelle Nic Grianna agus le hÁine Ní Bhreisleáin chun a gcuid tuairimí ar an ábhar a fháil …

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta