Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Triúr Gardaí gafa agus amhras fúthu go raibh baint acu le caimiléireacht

| , , ,

Tá triúr Gardaí sinsearacha gafa agus amhras ina dtaobh go raibh baint acu le coireanna coiriúlachta tromchúiseacha.

Gabhadh ceannfort a bhfuil amhras faoi gur sceith sé eolas faoi fhiosrúchán le baill de dhrong coirpeach. 

Gabhadh cigire agus amhras ann gur sháraigh sé an tAcht um Mí-úsáid Drugaí agus gabhadh an tríú Garda ar amhras go ndearna sé cúrsa na córa a shaobhadh.

An leasChoimisinéir, Oibríochtaí Speisialta i gCoinne Coireachta, atá i bhfeighil an fhiosrúcháin faoi chaimiléireacht sa bhfórsa.

Gabhadh an triúr i ndeisceart na tíre.

Dheimhnigh an LeasChoimisinéir, Póilíneacht agus Slándáil, John Twomey go raibh an triúr á gcoinneáil le hagaidh a gceistithe agus amhras ina dtaobh go raibh baint acu le coir nó coireanna tromchúiseacha. 

“Tá an Garda Síochána tiomanta go hiomlán d’fhiosrú a dhéanamh faoi aon bhriseadh dlí nó aon chaimiléireacht a bhfuil baint ag Gardaí leo, agus beimid ag obair i gcomhar le na háisíneahctaí cuí eile chuige sin. Toisc gur fiosrúchán é seo atá ar siúl go fóill ní bheadh sé cuí aon ní eile a rá faoi,” a dúirt  John Twomey.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta