Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oíche tiomsaithe airgid ar son na Palaistíne i mBéal Feirste

| , , ,

Agus an Eurovision ar siúl in Iosrael Dé Sathairn seo caite, roghnaigh na sluaite ar fud an domhain gan amharc ar an chomórtas mar chomhartha dlúthpháirtíochta le muintir na Palaistíne.

Mar chuid den fheachtas sin, agus chun airgead a bhailiú do dhá chumann carthanachta, eagraíodh ceolchoirm speisialta in Ionad Duncairn i dtuaisceart Bhéal Feirste oíche Shathairn.

I measc na gceoltóirí a bhí ar ardán bhí an t-amhránaí aonair Tony McHugh, an John McSherry Trio agus an grúpa reggae Gaelach áitiúil Bréag. 

Dúirt Méabh Ní Dhoibhlin ón ghrúpa a d’eagraigh an ócáid go raibh siad “ag iarraidh rud éigin difriúil a dhéanamh chun cuidiú le hardú feasachta faoin choimhlint” agus go raibh siad á dhéanamh mar agóid i gcoinne an Eurovision a bheith in Tel Aviv.

Bhí an-oíche ann agus d’éirigh leo neart airgid a bhailiú do MAP (Medical Aid Palestine) agus don Palestine Community Gym, atá á bhunú ag Ainle Ó Cairealláin, Feirsteach atá ag obair le daoine in Gaza.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta