Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Mórshiúl in ómós do Lyra McKee

| , ,

Ar an 18 Aibreán 2019 scaoileadh marbh iriseoir óg as Béal Feirste, Lyra McKee, ar shráideanna Dhoire agus í i mbun a cuid oibre.

Ba dhúnmharú é a tharla i measc tranglam buamaí peitril a caitheadh le linn círéibe a thosaigh i ndiaidh do na péas ruathar a dhéanamh ar thithe sa cheantar.

Rinne ceannairí na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa comhbhrón le muintir Lyra agus tháinig na sluaite amach i mBéal Feirste agus in áiteanna eile chun a dtacaíocht a léiriú dá teaghlach.

Scríobh Lyra go leor faoi oidhreacht na dTrioblóidí ó thuaidh agus spreag a bás anabaí tuilleadh plé faoin cheist.

Ar na bealaí éagsúla atá daoine ag cur in éadan an fhoréigin ó shin tá feachtas leathan a úsáideann an mana ‘Not in our name’.

An tseachtain seo bhain mórshiúl in ómós Lyra Doire amach, trí lá tar éis do na céadta Béal Feirste a fhágáil, agus líonadh príomhchearnóg na cathrach le sluaite ó chóngar agus ó chéin.

Thug daoine éagsúla a raibh aithne acu ar Lyra óráidí ag an cheann scríbe agus bhí ceol ann ó cheoltóirí áitiúla, Gary Lightbody ón mhórghúpa ‘Snow Patrol’ ina measc.

Léiriú láidir a bhí ann ar spiorad na síochána nach bhfuil ag iarraidh filleadh ar laethanta an fhoréigin agus comhartha cinnte nach ndéanfar dearmad ar shaol Lyra.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta