Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Mór an náire’ páirtithe ag scaipeadh bileoga toghcháin i mBéarla amháin sa Ghaeltacht

| , ,

Tá cáineadh géar déanta ar na mórpháirtithe polaitiúla agus a n-iarrthóirí sna toghcháin Eorpacha as bileoga i mBéarla amháin a scaipeadh ar mhuintir na Gaeltachta.

Níl focal Gaeilge sna bileoga a scaip iarrthóirí de chuid Fhine Gael, Fhianna Fáil agus Chomhaontas Glas sa Ghaeltacht.

Níl focal Gaeilge, mar shampla, san ábhar bolscaireachta a scaip Maria Walsh, atá ag seasamh d’Fhine Gael i dtoghlach Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt. Ar chúl na bileoige ag Walsh, tá teachtaireachtaí i mBéarla amháin uaithi féin, óna leathbhádóir sna toghcháin Mairéad McGuinness agus ón Taoiseach Leo Varadkar.

Béarla amháin nach mór a bhí chomh maith ar bhileoga Anne Rabbitte agus Brendan Smith, atá ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghcheantar céanna, agus ag Saoirse McHugh atá san iomaíocht do Chomhaontas Glas.

Bileog dhátheangach a scaip Matt Carthy, atá ag seasamh do Shinn Féin sa cheantar céanna, agus formhór an ábhair ar a bhileog thoghchánaíochta i nGaeilge agus i mBéarla.

Ní hannamh conspóid ann maidir le bileoga i mBéarla a bheith á scaipeadh sa Ghaeltacht aimsir toghchán. Bhain conspóid, mar shampla, lena laghad Gaeilge bhí ar na bileoga a scaip iarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta ar phobal na Gaeltachta anuraidh.

Maidir leis na toghcháin áitiúla tá formhór na mbileog atá á scaipeadh ag iarrthóirí sa Ghaeltacht i nGaeilge amháin.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh an eagraíocht i dteagmháil leis na páirtithe go léir roimh thús na bhfeachtas toghchánaíochta le meabhrú dóibh gur chóir an t-ábhar a scaiptear sa Ghaeltacht a bheith i nGaeilge.

“Is mór an náire é go mbeadh ábhar i mBéarla amháin á scaipeadh sa Ghaeltacht ag na páirtithe. Ba chóir go mbeadh gach bileog a scaiptear sa Ghaeltacht i nGaeilge, nó dátheangach ar a laghad.

“Tarlaíonn sé bliain i ndiaidh bliana, toghcháin i ndiaidh toghcháin agus níl aon leithscéal ann dó. Ba chóir go mbeadh sé mar ghnáthchuid den chur chuige agus den ullmhúchán roimh thoghchán go gcinnteofaí go scaipfí ábhar i nGaeilge sa Ghaeltacht. Ach is léir arís nach in mar atá. Is mór an náire iad nach bhfuil siad ag éisteacht,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Idir an dá linn, tá dhá éileamh toghchánaíochta fógartha ag Sinn Féin maidir le cúrsaí teanga: go mbeadh cead Gaeilge a úsáid ag coistí Pharlaimint na hEorpa agus go mbunófaí Ombudsman Teanga don AE a chosnódh cearta daoine a ndéantar leatrom orthu ar chúinsí teanga.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta