Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Láncheart ag iriseoirí ‘No Stone Unturned’ a bhfoinsí a chosaint, Príomh-Bhreitheamh

| , ,

Bhí láncheart a bhfoinsí a chosaint ag an mbeirt iriseoirí a gabhadh mar gheall ar eolas a thug siad i scannán faisnéise.

B’in a dúirt Tiarna Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann Declan Morgan agus a bhreith á tabhairt aige faoi chás na scannánóirí Trevor Birney agus Barry McCaffrey i gcoinne an PSNI.

Gabhadh an bheirt iriseoirí as eolas rúnda a sceitheadh sa scannán faisnéise No Stone Unturned a  bhain le sléacht Loch an Oileáin i gcontae an Dúin inar maraíodh seisear fear i 1994.

Cuireadh ina leith gur amhlaidh gur ghoid siad cáipéisí rúnda de chuid na bpóilíní.

Dúirt an breitheamh san Ardchúirt i mBéal Feirste inniu gurbh amhlaidh gur iompar na hiriseoirí iad féin go cóir ar mhaithe lena bhfoinsí a chosaint.

Ba mhíchuí an cinneadh barántas cuardaigh a cheadú chun a dtithe agus a n-oifigí a chuardach, arsa Morgan. “An t-ábhar a cuireadh faoi bhráid an bhreithimh [chun barántas cuardaigh a fháil] cruthaíodh ina dhiaidh sin dúinne nach raibh aon ní ann a thabharfadh le fios go raibh aon rud eile ar siúl ag na hiriseoirí ach a bheith ag gníomhú chun a gcuid foinsí a chosaint ar bhealach dlíthiúil.

Dúirt an príomh-bhreitheamh gur chloígh Trevor Birney agus Barry McCaffrey le rialacha an NUJ, ceardchumann na n-iriseoirí, maidir le foinsí a chosaint.

Dúirt sé gur cheart na cáipéisí ar fad a thabhairt ar ais do na hiriseoirí agus iarraidh orthu iad a choinneáil ar feadh tamaill.

Tá na fir fós á bhfiosrú ag an PSNI agus iad ar bannaí.

Dúirt an Tiarna Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann Declan Morgan gur mór an fonn a bhí air féin agus a bheirt chomhghleacaithe na barántais chuardaigh a chur ar neamhní.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta