Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

GAILEARAÍ: Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 seolta i bPáirc an Chrócaigh

Sheol Cathaoirleach Choiste Naisiúnta Gaeilge CLG, Seosamh Mac Donncha, an 50ú Comórtas Peile na Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh De Céadaoin. Beidh foirne ón seacht gcontae Ghaeltachta ag glacadh páirte sa chomórtas i mbliana ar pháirc Ghallarais agus páirc Lios Póil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Aodhán Mac Fhionnghaile, Cill Chartha, Dún na nGall; Sinéad Ní Cholmáin, Laochra Loch Lao, Aontroim; Colm Ó Muircheartaigh, An Ghaeltacht, Co. Chiarraí; Séamus Ó Muiraithe, Cill Chomáin, Co Mhaigh Eo; Ciarán Mac Fhearghusa, Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath, Donie Breathnach, An Rinn, Port Láirge, agus Conal Ó hIarnáin, CLG Oileáin Árann, Co na. Gaillimhe
Tomás Ó hAiniféin, ball de Choiste na Gaeilge, Páirc an Chrócaigh agus de choiste Chumann Lios Póil agus Colm Ó Muircheartaigh, imreoir leis an nGaeltacht. Tá comórtas na bliana seo á reáchtáil ag Cumann Caide na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne. deireadh seachtaine na Cincíse
Ag seoladh an 50ú Comórtas Peile na Gaeltachta  i bPáirc an Chrócaigh Dé Céadaoin bhí ó chlé: Tomás Ó hAiniféin, Coiste Náisiúnta Gaeilge CLG; Seán Ó Catháin Cathaoirleach Chumann Caide na Gaeltachta, Seán Ó hEarcáin, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta; Éamonn Mac Giolla Bhríde, a d’imir ar fhoireann Ghaoth Dobhair ag an gcéad chomórtas i 1969 agus Antoin Delap, a raibh a athair, Seán, ina chéad Uachtarán ar Chomórtas Peile na Gaeltachta
Jamie Ó Tuama, Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG
Seán Ó Catháin, cathaoirleach Chumann Caide na Gaeltachta
Cathaoirleach Choiste Naisiúnta Gaeilge CLG, Seosamh Mac Donncha
Seán Ó hEarcáin, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta